Bhfine Gall
Adhlactha i
Treoir Idirghníomhach go Taifid
Adhlactha i gCeantar Fhine Gall

Ceisteanna Coitianta/Taifid in Easnamh nó Earráidí.

Go Raibh Maith Agaibh

Ár míle buíochas leis na daoine go léir a rinne teagmháil linn maidir leis an láithreán gréasán Adhlactha i bhFine Gall. Cuirimid fáilte i gcónaí roimh aiseolas dearfach agus roimh cheisteanna atá ag daoine agus roimh thagairtí do na deacrachtaí atá acu. Déanfar liosta a thiomsú a chuirfear in iúl do na daoine a bhíonn i mbun Chartlanna Chontae Fhine Gall, Rannóg Reiligí, agus/nó do chuideachta chothabhála an láithreáin gréasáin. Seo roinnt eolas ginearálta agus ba cheart go réiteodh é cuid de na ceisteanna is coitianta a cuireadh go dtí seo.

Freagraí ar Cheisteanna Coitianta
  1. Tá Comhairle Contae Fhine Gall freagrach as 36 reilig, ach níl taifid ar fáil ach amháin le haghaidh 33 acu. Aistríodh na 3 cinn eile chugainn gan taifid ar bith chun go dtabharfaimis aire dóibh. Déanaimid iad a ‘chothabháil’ tríd an bhféar a bhaint srl. Níl rochtain ag Fine Gall ach ar thaifid adhlactha na reiligí sin a bhfuil an Chomhairle freagrach astu. Tá go leor reiligí eile i bhFine Gall, m.sh. reilig Ospidéal Naomh Íde i bPort Reachrann agus an dá reilig i Sord, ach toisc nach bhfuil siad faoinár gcúram, ní féidir linn na taifid a bhaineann leo a dhigitiú. Tá liosta de na reiligí a gcoimeádaimid taifid fúthu le feiceáil ar roghchlár anuas ar an láithreán gréasáin Adhlactha i bhFine Gall.
  2. Níl léaráid líníochta ann le haghaidh gach reilig. Má tá a leithéid de líníocht ar fáil tá sé le feiceáil ar an suíomh gréasáin.
  3. Aistríodh an chuid is mó de thaifid na reiligí chuig Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath sular roinneadh an contae sin ina thrí chomhairle riaracháin, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas, agus Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin in 1993. Aistríodh iad ó fhoinsí éagsúla, eaglaisí agus paróistí, feighlithe príobháideacha, agus údaráis áitiúla eile mar Bhord Sláinte Poiblí Bhaile Átha Cliath agus Bardas Bhaile Átha Cliath. Bhí an-difríocht le sonrú i leibhéal litearthachta agus cruinnis na dtaifead bhunaidh a scríobhadh thar thréimhse breis is 100 bliain, agus tá an-difríocht le sonrú sa bhail atá ar na cláir féin freisin sa chaoi go bhfuil earráidí agus bearnaí iontu. Mar gheall ar an drochbhail atá ar chláir na n-adhlactaí, nó an easpa spáis d’iontrálacha, ní bheidh sé indéanta i gcónaí earráidí sna leabhair bhunaidh a cheartú ach déanfar é nuair is féidir. Nuair a dhéanfar ceartúcháin ar théacs clár na n-adhlacthaí bunaidh, ní bheidh siad le feiceáil ar an suíomh gréasáin láithreach, mar chuige sin bheadh sé riachtanach clár na n-adhlacthaí a athscanadh gach uair a dhéanfaí ceartúchán. Más rud é nach féidir cóip chrua clár na n-adhlacthaí a leasú, táimid ag féachaint ar bhealach chun an ceartú a thaifead ar Thoradh an Chuardaigh. Más rud é go bhfuil earráid sa leabhar bunaidh, seol ríomhphost chuig [email protected]. Seolfar tuarascálacha faoi adhlacthaí neamhthaifeadta ar aghaidh chuig Rannóg na nAdhlacthaí.
  4. Tá Cartlann Fhine Gall freagrach as cóipeanna digiteacha na gclár. Fostaíodh conraitheoir seachtrach chun cóipeanna scanta na gclár lámhscríofa a léamh agus na hiontrálacha a chlóscríobh i mbunachar sonraí a nascadh ansin leis an leathanach bunaidh. Tá leibhéal cruinnis an-ard sa bhunachar sonraí, ach ós rud é go bhfuil sonraí faoi 65,000 duine taifeadta ann, tá roinnt earráidí ann. Más rud é nach ionann an taifead tras-scríofa agus an iontráil lámhscríofa bhunaidh, seol r-phost chuig [email protected] agus ceartófar é.
  5. Cuireadh bailchríoch ar scanadh formhór na gclár thart faoi 2012 agus ansin cuireadh tús leis anbpróiseas innéacsaithe. Tá súil againn na taifid a rinneadh le 5 bliana anuas a chur leo, ach theastaigh uainn spás a fhágáil mar chomhartha ómóis dóibh siúd ar adhlacadh a ndaoine muinteartha le déanaí.