Bhfine Gall
Adhlactha i
Treoir Idirghníomhach go Taifid
Adhlactha i gCeantar Fhine Gall

Fáilte go Adhlactha i bhFine Gall

Léarscáil Láithreán na Reiligí

Léarscáil idirghníomhach a léiríonn suíomhanna na reiligí ar fad i gceantar Fhine Gall atá á mbainistiú ag Comhairle Contae Fhine Gall

Reiligí Fhine Gall

Eolas ar reiligí Fhine Gall lena n-áirítear a mbainistíocht, stair, pleananna, grianghrafanna agus suíomh GPS

Cuardaigh Taifid Adhlactha

Bunachar sonraí forleathan a chuimsíonn Céadainm, sloinne, áit dheiridh cónaithe, dáta adhlactha agus suíomh na huaighe

Ioslódálacha PDF

Tá íoslódálacha ar fáil ar leabhair iomlána taifead adhlactha, pleananna agus léarscáileanna reiligí
BUNACHAR SONRAÍ IOMLÁN, INCHUARDAITHE AR ADHLACTHAÍ I BHFINE GALL Á CHUR AR FÁIL AG COMHAIRLE CONTAE FHINE GALL

Tá Seirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Fhine Gall tar éis dul i gcomhar le Rannóg na Reiligí chun saor-rochtain a chur ar fáil do thaifid na n-adhlacthaí ar fad atá á gcoinneáil ar taifead acu.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall freagrach as adhlacthaí i 36 reilig i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Don chuid is mó acu seo, tá taifead ag an gComhairle ar adhlacthaí a théann chomh fada siar, ar a laghad, leis na 1930idí.

Nuair a tháinig Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, mar a thugtaí air an uair sin, i gceannas ar an bhfeidhm seo ó Bhord Shláinte Phoiblí Bhaile Átha Cliath, tar éis an Achta um Bainistí Chontae, 1940, tháinig sí i seilbh na dtaifead seo, lena n-áirítear sraith léarscáileanna lámhlínithe agus sceitsí de chuid mhór de na reiligí.

Thosaigh sé amach mar iarracht caomhnaithe, chun na léarscáileanna seo a dhigitiú, cuid acu a raibh drochbhail amach is amach orthu, agus ansin mhéadaigh an tionscadal isteach ina phlean chun na cláir adhlactha ar fad a scanadh le go mbeadh cóipeanna cúltaca ann ar eagla go dtarlódh tubaiste.

A thúisce agus a bhí an scanadh ar fad déanta againn, shíl muid gur cheart dúinn innéacs a chur leo, agus b’shin tasc ollmhór chun 65,000 iontráil lámhscríofa a thiontú isteach i mbunachar sonraí, agus ghlac sé na blianta sin a thabhairt chun críche. Ansin beartaíodh an t-eolas seo ar fad, ag cur nótaí leis a bhain le reiligí níos sine, adhlacthaí a raibh suntas stairiúil faoi leith ag baint leo, treoracha, grianghrafanna, agus tagairtí léarscáileanna, chun bunachar iomlán sonraí eolais ar na reiligí ar fad i bhFine Gall a chur i gceann a chéile, agus taifid innéacsaithe ar na hadhlacthaí inár gcláir.

Mí Feabhra 1877 an t-adhlacadh is luaithe ar an mbunachar sonraí, agus téann an ceann deireanach siar go dtí mí Iúil 2013. Cuirfear níos mó adhlacthaí níos deireanaí leis nuair a bhíonn achar cuí ama imithe thart.

Maidir le haon cheist faoi adhlacadh atá ann anois nó atá á fhiosrú don am atá le teacht, déan teagmháil le do thoil le Rannóg na Reiligí ar 01 870 4449.

Maidir le haon cheist faoi adhlacadh stairiúil nó faoi reiligí, déan teagmháil le Cartlanna Fhine Gall ag [email protected] nó cuir glaoch ar 01 870 4496.

Ba mhaith le Cartlanna Fhine Gall aitheantas a thabhairt don pháirt a bhí ag Informa agus Kaelleon Design sa tionscadal seo. Bhain muid úsáid freisin as grianghrafanna de reiligí stairiúla a thóg an seandálaí Christine Baker mar pháirt de thionscadal eile de chuid Comhairle Contae Fhine Gall.

Rinne an Dr M. S. Egan suirbhé cuimsitheach ar chlocha cinn i ngach reilig i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliarge SNA 1990idí, a foilsíodh ina 10 n-imleabhar. Tá an foilseachán ar fáil mar leabhar tagartha amháin i Leabharlann Staidéar Áitiúil Fhine Gall, agus i leabharlanna eile ar nós Staidéar Áitiúil Chathair Átha Cliath agus leabharlann Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann. Déantar tagairt do chuid mhór de nótaí agus de thras-scríbhinní an Dochtúra Egan sa bhunachar sonraí seo. Tá tagairtí ann freisin d’iontrálacha atá sa Journal of the Association of the Preservation of the Memorials of the Dead of Ireland (JAPMDI).